Tá an struchtúr Is é ceann de na chomh coitianta sin anois agus nach léir do scríbhneoirí aon locht a bheith air.

  • Is é ceann de na gnéithe is tarraingtí faoin aimsir i nDún na nGall ná an dóigh a n-athraíonn sí de bharr thionchar an Aigéin Atlantaigh.
  • Is é duine de na daoine is clúití sa Spáinn.

Níor mhiste a mhíniú cén locht atá ar na samplaí sin sula ndéantar iad a athscríobh.

Úsáidtear is é (nó is í, is iad etc. ag brath ar uimhir agus ar inscne) in abairtí ionannais den chineál seo:

  • Is é an dúshlán is mó atá romhainn ná fostaíocht a chruthú.
  • Is é Pádraig an peileadóir is fearr acu.

Cuirtear an forainm é leis an chopail sna samplaí thuas toisc gur ainmfhocal cinnte atá in ainmní na habairte (an dúshlán, Pádraig). Éiginnte atá ceann de na gnéithe agus duine de na daoine. Níor cheart, mar sin, é a chur leo.

Tá roinnt bealaí ann chun abairtí lochtacha a dheisiú. Thiocfadh an chopail a fhágáil ar lár nó úsáid a bhaint as an bhriathar .

  • Ceann de na gnéithe is tarraingtí faoin aimsir i nDún na nGall ná an dóigh a n-athraíonn sí de bharr thionchar an Aigéin Atlantaigh.
  • Tá sé ar dhuine de na daoine is clúití sa Spáinn.
Roinn an Post seo: