Is minic a fhágtar clásal coibhneasta ar lár san áit a mbeifeá ag súil lena leithéid san abairt Ghaeilge:

  • Bulaíocht ar dhuine toisc gur ball den Lucht Siúil é/í, agus orthu siúd faoi mhíchumas. 
  • Lorgaíodh tuilleadh eolais ó na daoine ainmnithe sa tuarascáil. 
  • Bíonn ar an Rialtas cloí leis na treoracha leagtha síos ag an AE

Is dócha gur earráid aistriúcháin is cúis le leaganacha den chineál sin. Is é a bheadh sa Bhéarla ná disabled people agus persons named seachas people who are disabled agus persons who are named. Bíonn scríbhneoirí Gaeilge ag aithris ar na múnlaí gonta Béarla sin, ach b'fhearr go mór an coibhneas a thabhairt slán:

  • Bulaíocht ar dhuine toisc gur ball den Lucht Siúil é/í, agus orthu siúd atá faoi mhíchumas. 
  • Lorgaíodh tuilleadh eolais ó na daoine atá ainmnithe sa tuarascáil. 
  • Bíonn ar an Rialtas cloí leis na treoracha atá leagtha síos ag an AE

Minic go leor, bheadh an abairt níos deise ó thaobh na stíle de, agus níos soiléire ó thaobh na céille de, ach an coibhneas a thabhairt slán:

  • Gné thábhachtach eile den scéal is ea gá ocsaigin an chroí.
  • Bhí an teaghlach ina gcónaí i dteach tógtha ag Bardas Átha Cliath.

B'fhearr go mór na habairtí sin a athscríobh mar seo:

  • Gné thábhachtach eile den scéal is ea an gá a bhíonn ag an gcroí le hocsaigin.
  • Bhí an teaghlach ina gcónaí i dteach a thóg Bardas Átha Cliath.
Roinn an Post seo: