Tá claonadh i gcanúintí áirithe, i gCúige Mumhan go mór mór, míreanna claoninsinte a úsáid in áit míreanna choibhneasta, idir dhíreach agus indíreach:

  • Sin an fáth go bhfuil an-spéis ag oideachasóirí sa chluiche seo. 
  • Ba ansin a d’aithin mé gurb é sin an rud gur mhaith liom a dhéanamh le mo shaol. 
  • An dream go raibh sé d’ádh orthu ticéid a fháil. 

Bíodh is gur nós coitianta é sin, tá sé taobh amuigh den Chaighdeán Oifigiúil agus b’fhearr míreanna coibhneasta a úsáid i dtéacsanna atá in ainm is a bheith lánchaighdeánach. Is mar seo a bheadh:

  • Sin an fáth a bhfuil an-spéis ag oideachasóirí sa chluiche seo. 
  • Ba ansin a d’aithin mé gurb é sin an rud ba mhaith liom a dhéanamh le mo shaol. 
  • An dream a raibh sé d’ádh orthu ticéid a fháil. 

Fiú scríbhneoirí nach mbeadh claonadh canúna iontu i leith na claoninsinte, is minic a bhíonn mearbhall orthu i dtaobh abairtí a bhfuil idiraisnéis iontu:

  • Is é sin an t-am a mheastar go mbeidh an chéim seo curtha i gcrích.
  • Cé chomh fada is dóigh leat go mairfidh an comhrialtas nua?

Níl sna nathanna a mheastar agus is dóigh leat ach clásail atá fite isteach san abairt chun eolas a cháiliú nó a iomlánú. Bheadh na habairtí i gceart fiú dá bhfágfaí an idiraisnéis sin ar lár. Ná ní bhíonn aon tionchar gramadaí acu ar an chuid eile den abairt. Is mar seo ba cheart iad a scríobh:

  • Is é sin an t-am a mheastar a bheidh an chéim seo curtha i gcrích.
  • Cé chomh fada is dóigh leat a mhairfidh an comhrialtas nua?

Gheofar míniú soiléir ar an ghné seo den Ghaeilge scríofa sa leabhar Maidir le do Litir (An Gúm, 1998). Luaitear rud eile sa leabhar sin a bhíonn ina údar mearbhaill ag scríbhneoirí, is é sin frásaí breischéime mar is mó is minice:

Níl aon cheist ann ach gurbh é John McKenna an ceoltóir is mó go raibh tionchar aige ar an stíl fliúiteadóireachta atá sa tír seo. 

Bíodh is go bhfuil an abairt sin níos casta de bharr is mó a bheith inti, níl aon chúis go ndéanfaí claoninsint den chlásal choibhneasta. Is mar seo ba cheart í a scríobh:

Níl aon cheist ann ach gurbh é John McKenna an ceoltóir is mó a raibh tionchar aige ar an stíl fliúiteadóireachta atá sa tír seo. 

Is fiú a mheabhrú chomh maith go mbíonn difear caolchúiseach céille le frásaí áirithe de réir mar a chuirtear mír choibhneasta nó mír chlaoninsinte leo:

  • Conas a ghearrtar cáin ar ghnólacht? (Cén bealach ina ngearrtar an cháin?)
  • Conas gur leag an Rialtas ualach cánach chomh mór sin ar ghnólachtaí? (Conas a tharla sé go ndearna an Rialtas é sin?)

Féach chomh maith AN CLÁSAL COIBHNEASTA 3: CÉ ACU?

Roinn an Post seo: