Coibhneas díreach ba cheart a scríobh i ndiaidh cé acu. Níl feidhm le claoninsint ná le coibhneas indíreach mar atá sna habairtí lochtacha seo:

  • Ní léir cé acu go mbeidh fórsaí Ghaddafi sásta an fód a sheasamh agus cath mhór a throid ansin nó an imeoidh siad i bhfolach. 
  • ...cé acu a mbeidh an toghchán don uachtaránacht féaráilte nó nach mbeidh. 

Is mar seo ba cheart na habairtí sin a scríobh:

  • Ní léir cé acu a bheidh fórsaí Ghaddafi sásta an fód a sheasamh agus cath mhór a throid ansin nó an imeoidh siad i bhfolach. 
  • ...cé acu a bheidh an toghchán don uachtaránacht féaráilte nó nach mbeidh. 
Roinn an Post seo: