Tá a leithéid de rud sa Ghaeilge agus clásal ceisteach, is é sin clásal a thosaíonn le mhír cheisteach mar an, cad, cén fáth.

  • Ag Dia atá a fhios cé a rinne é.
  • Fiafraigh de Shiobhán an bhfuil tae de dhíth uirthi.

Ní hionann na samplaí sin agus an sampla seo a thug Dónall Ó Baoill sa leabhar Earráidí Scríofa Gaeilge:

Gach éinne ag déanamh cad ba mhaith leo.

Níl an sampla sin inghlactha mar táthar ag cur mír cheisteach (cad) in áit an clásail choibhneasta. Is mar seo ba cheart an abairt a scríobh:

Gach éinne ag déanamh cibé rud is maith leo.

Is é cad go mór fada an mhír cheisteach is mó a mbaintear an úsáid lochtach seo as. Tá an chuma air go measann scríbhneoirí gur féidir cad a úsáid mar a úsáidtear what an Bhéarla: mar mhír cheisteach (What do you want to do?) agus mar fhorainm (Do what you want.) Sin an míniú, b'fhéidir, atá ar abairtí lochtacha mar seo:

Baineadh mórgheit as Rialtas na Breataine de bharr cad a tharla le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe.

A leithéid seo ba cheart a scríobh:

Baineadh mórgheit as Rialtas na Breataine de bharr an méid a tharla le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe.

Roinn an Post seo: