Féadann an clásal coibhneasta díreach a bheith ina údar débhríochta, cé gurb annamh nach mbíonn an bhrí soiléir i gcomhthéacs na habairte. Sampla clúiteach a úsáidtear ina lán leabhair ghramadaí ná Sin é an fear a bhuail Seán. Ní léir cé acu:

  1. Rinne an fear Seán a bhualadh.
  2. Rinne Seán an fear a bhualadh.

Cuir i gcás gurb í an dara brí atá ceart, agus gur Seán a bhuail an fear bocht eile. Is féidir gach débhríocht a chur ar ceal ach an coibhneas a dhéanamh indíreach: Sin é an fear ar bhuail Seán é.

Bíonn a leithéid de dheisiú le déanamh ar théacsanna Gaeilge thall is abhus, go háirithe ar théacsanna dlí. Féach an téacs Béarla seo agus an t-aistriúchán Gaeilge a rinneadh air:

Non‑exclusive licence authorising the Irish Copyright Licensing Agency Ltd to permit reprography of literary works in copyright.

Ceadúnas neamheisiach a údaraíonn an Ghníomhaireacht Éireannach um Cheadúnú Cóipchirt Teo. chun athghrafaíocht saothar liteartha atá faoi chóipcheart a cheadúnú.

Bíodh is nach bhfuil débhríocht ar bith sa Bhéarla, d’fhéadfaí a thuiscint as an Ghaeilge gurb í an Ghníomhaireacht atá ag tabhairt údaráis don cheadúnas neamheisiach, seachas an ceadúnas sin a bheith ag tabhairt údaráis don Ghníomhaireacht. Ba cheart a leithéid seo a scríobh chun teacht slán ar an débhríocht: Ceadúnas neamheisiach a thugann údarás don Ghníomhaireacht… (nó a údaraíonn don Ghníomhaireacht)

Roinn an Post seo: