Is coibhneas indíreach a leanann áit, fáth, caoi, dóigh agus am nuair is úsáid dhobhriathartha atá i gceist, is é sin nuair atá na focail sin ag cáiliú an bhriathair ar shlí éigin:

  • Ní maith liom an chaoi a ndéanann sé rudaí.
  • Sin an fáth ar éirigh sé as.
  • Sin agat an dóigh a bhfuil cúrsaí na tíre seo.
  • Tiocfaidh an t-am a mbeidh leagan amach eile ar an saol.

Coibhneas díreach a bhíonn ann nuair is mar ainmfhocail a úsáidtear na focail chéanna:

  • Ní maith liom an chaoi a bhíonn aige le daoine. 
  • Cén fáth a bhí aige le héirí as?
  • Cén dóigh atá ort inniu?
  • Baineann sé sin leis an am atá thart.

Coibhneas díreach a leanann uair agus nuair i gcónaí. Féadann coibhneas díreach nó indíreach teacht i ndiaidh am agus pointí ama eile, mar shampla .

  • Tiocfaidh an t-am a bhfeicfidh duine éigin é.
  • Ba é sin an t-am a rug Sasana bua.
  • An lá a d’éirigh an scéal amach.
  • An lá ar casadh an tOllamh orm.
Roinn an Post seo: