Sa Ghaeilge labhartha, i gCúige Uladh go háirithe, is minic a chuirtear an mhír choibhneasta a leis an chopail san aimsir chaite agus sa mhodh choinníollach. Bíodh sin mar atá, níor cheart a leithéid seo a scríobh i dtéacs lánchaighdeánach:

  • Cad a ba mhaith leat a léamh ar sheirbhís nuachta Gaeilge ar líne?
  • Chaith sé gach lá mar a ba mhian leis féin é.

Is fiú a mheabhrú gur focal coibhneasta atá sa chopail féin. Má tá an chopail ann, níl feidhm le míreanna coibhneasta breise. Peadar is ainm dom, a deirtear, ní Peadar a is ainm dom.

Roinn an Post seo: