'Breithlá shona duit' a chanann daoine de ghnáth. Is dócha go dtuigtear dóibh gur focal baininscneach é breithlá agus gur cheart an aidiacht sona a shéimhiú dá réir sin. Is fíor gur focal baininscneach atá in breith ach is í an dara mír den chomhfhocal a chinneann an inscne. Breithlá sona atá ann ó cheart, ó tharla a bheith firinscneach.

Tá an locht céanna ar na habairtí thíos.

  • “Bail ó Dhia ort a dhuine uasal.” arsa an Bhangharda. (an Bangharda)
  • Meicníochtaí a bhunú chun an tírdhreach agus an mhuirdhreach a bhainistiú. (an muirdhreach)

 Is fíor go bhfuil eisceachtaí ann. Cuir i gcás, is baininscneach atá bantiarna de réir FGB.

Roinn an Post seo: