Struchtúr coitianta sa Bhéarla is ea a leithéid seo: Pre- and post-exercise meals. Is é atá i gceist leis sin ná béilí a itear roimh bhabhta aclaíochta agus béilí a itear i ndiaidh babhta aclaíochta. Sa Bhéarla, áfach, ní luaitear aclaíocht ach uair amháin agus fágtar bearna idir na chéad mhíreanna den chomhfhocal. Bíonn cuma an-ait ar an struchtúr sin sa Ghaeilge.

Turais réamh agus iar-Chomhdhála (Pre- and post-Conference trips.)

Mar bharr ar an donas, ní i gcónaí a bhíonn scríbhneoirí Gaeilge in ann ag na dúshláin ghramadaí a bhaineann leis an struchtúr ait seo. 

Is fearr i bhfad a oiread maitheasa agus is féidir a bhaint as gnáth-fíorbhia in áit forlíonta cothaitheacha. (gnáth-fhíorbhia?)

B’fhearr i bhfad don scríbhneoir Gaeilge gan comhfhocail a bhriseadh ar an dóigh sin. 

  • Béilí a itear roimh nó i ndiaidh babhta aclaíochta.
  • Turais roimh an Chomhdháil agus ina diaidh.
  • Is fearr i bhfad a oiread maitheasa agus is féidir a bhaint as gnáthbhia ceart in áit forlíonta cothaitheacha.
Roinn an Post seo: