Is beag difear idir, cuir i gcás, córas ríomhaireachta agus ríomhchóras. Computer system a thuigtear as an phéire ainmfhocal agus as an chomhfhocal. Bua atá ag an chomhfhocal ná gur fusa é a fhí isteach in abairtí gan dul in abar i gceisteanna faoi infhilleadh agus faoi chlaochlú tosaigh.

Corruair, is fearr comhfhocal a úsáid chun teacht slán ar dhébhríocht. Tá comhroinnt comhad (file sharing) níos soiléire ná roinnt comhad (some files?)

Bíodh sin mar atá, ba cheart do scríbhneoirí a bheith faichilleach nach bhfuil difríocht chaolchúiseach chéille idir an péire ainmfhocal agus an comhfhocal. Cé chomh hinghlactha nó cé chomh sothuigthe is atá an comhfhocal?

Roinn an Post seo: