Sa ghnáthchaint, is comhchiallaigh iad cabhair, cuidiú agus cúnamh. Níl de dhifear eatarthu ach go mbíonn cuid acu níos coitianta ná a chéile i gcanúintí áirithe.

Tá nós sa teanga fhoirmealta cabhair a úsáid nuair is tacaíocht airgeadais atá i gceist, mar shampla deontas i gcabhair, cabhair airgeadais

Tá nós ann, cé nach mbítear leanúnach ina bhun, cúnamh a úsáid chun trácht ar thacaíocht a bhfuil comhairle nó seirbhís i gceist léi, mar shampla cúnamh dlí.

Roinn an Post seo: