Ball troscáin is ea caibinéad agus níor cheart é a úsáid chun trácht ar thionól airí rialtais mar atá déanta san abairt thíos:

Tá sé dochreidte nár smaoinigh éinne ar ghlaoch a chur ar de Valera nó ar bhall eile den Chaibinéad sular síníodh an Conradh.

Comh-aireacht an téarma ceart i gcomhthéacs na polaitíochta. Tabhair faoi deara gur comh-aireacht (seachas comhaireacht) an litriú ceart. Is treoir foghraíochta don léitheoir é an fleiscín.

Roinn an Post seo: