Athraítear ciall nathanna mar caithfidh sé, ní foláir agus ní mór de réir mar a chuirtear míreanna mar go agus nach leo. Ní i gcónaí a thugtar an difear céille sin slán. Seo sampla as bileog eolais i dtaobh íocaíochtaí leasa shóisialaigh, ina mínítear na rudaí atá riachtanach le go mbeadh iarrthóirí i dteideal na híocaíochta:

Caithfidh sé go raibh tú tar éis lá fostaíochta amháin ar a laghad a chailleadh agus go bhfuil tú dífhostaithe 4 lá ar a laghad as 7 lá de dheasca an chaillteanais sin.

You must sa chiall it is a requirement for you a bhí i gceist ag an té a scríobh an méid thuas, ach tá ciall eile ar fad sa téacs a cuireadh ar fáil. Is amhlaidh atá must eile sa Bhéarla, in abairtí mar seo:

  • She must be out if she isn’t answering the telephone.
  • Caithfidh sé go bhfuil sí as baile mura bhfuil sí ag freagairt an ghutháin.
  • You must have been disappointed not to win.
  • Ní foláir go raibh díomá ort nuair nár bhain tú.

Is é an chiall atá le caithfidh sé go agus ní foláir goIt is surely the case that... Más mian linn an bhrí cheart a thabhairt slán sa téacs thuas, ní mór í a athscríobh mar seo:

Caithfidh tú lá fostaíochta amháin ar a laghad a bheith caillte agat agus tú a bheith dífhostaithe ar feadh ceithre lá ar a laghad as seacht lá de dheasca an chaillteanais sin.

Tá an méid sin fíor i gcás ní foláir chomh maith:

  • Ní foláir go bhfuil seoladh bailí ríomhphoist agat.
  • Ní foláir duit seoladh bailí ríomhphoist a bheith agat.

Agus féach mar a athraítear ciall an natha ní mór nuair a leanann nach é:

Ní mór nach mbeadh san obair chúrsa a chuirtear isteach le haghaidh measúnaithe ach do chuid oibre féin.

An chiall atá le ní mór nachbeagnach, mar shampla Ní mór nár thit mé i laige. Ba chóir an abairt thuas a athscríobh mar seo:

Ní mór gurb í do chuid oibre féin cibé obair chúrsa a chuirfidh tú isteach le haghaidh measúnaithe.

Tuilleadh eolais: Cruinneas Gaeilge agus Corrfhocal Eile le Gearóid Stockman (1996: 36).

Roinn an Post seo: