Tá sé de nós ag eagarthóirí an saorbhriathar caithfear a chur in áit an bhriathair caithfidh in abairtí mar seo thíos:

  • “Bhail anois” ar sise, ag tabhairt léi na láimhe, “tá sé ag éirí mall agus caithfidh an scarúint a bheith ann. (Séamus Mac Grianna, Mo Dhá Róisín)
  • “Caithfidh aois mhór a bheith anois aige,” arsa Niall Sheimisín ag cur dealáin ar a phíopa. (Séamus Mac Grianna, Nuair a Bhí Mé Óg)

Ní oireann an saorbhriathar sna habairtí thuas nó is amhlaidh atá gníomhaí i ngach ceann acu, mar atá an scarúint agus aois mhór. Siúd iad na rudaí a chaithfidh a bheith ann.

Roinn an Post seo: