Níl aon fhocal Gaeilge ann a chuimsíonn gach ciall den fhocal Béarla protection. Seo thíos roinnt samplaí a léiríonn an ghnáthúsáid sa teanga fhoirmeálta:

Rural Environment Protection Scheme/An Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath

Minister for Social Protection/An tAire Coimirce Sóisialaí

Data Protection Act/An tAcht um Chosaint Sonraí

Thuigfeá as na samplaí sin go n-úsáidtear caomhnú nuair is mian acmhainn éigin a thabhairt slán ó mhilleadh nó ó ídiú. Is beag idir protection agus preservation sa chás sin. Tá luach polaitiúil leis an fhocal coimirce (guardianshippatronage), a thugann le fios go bhfuil an Stát ag déanamh cúraim dá shaoránaigh.

D’fhéadfaí na focail a mhalartú ar a chéile i gcomhthéacsanna áirithe, ach is léir nach mbeadh ciall ar bith le An tAcht um Choimirce Sonraí, cuir i gcás. Níor cheart don scríbhneoir talamh slán a dhéanamh d’ainm eagraíochta ná ainm Achta, ach an t-ainm oifigiúil Gaeilge a thaighdiú.

Roinn an Post seo: