Is minic a roghnaítear an focal coimpléascach chun an coincheap complex, complicated a chur in iúl in abairtí mar seo:

  • Ba dhuine coimpléascach é Diarmaid.
  • Is ceist choimpléascach í an Eoraip, ba chóir dúinn ár ndícheall a dhéanamh an choimpléascacht sin a mhíniú.

Bheadh faitíos orm a rá go bhfuil na habairtí sin mícheart amach is amach, ach níl ceann ar bith díobh chomh teicniúil sin nach bhféadfaí an gnáthfhocal casta a úsáid iontu. Go deimhin, tá ciall eile le coimpléascach a dhéanann an chéad abairt an-débhríoch ar fad: Of strong constitution. Large of girth. (FGB) Tá macalla láidir ann de chiall shíceolaíoch an fhocail coimpléasc ann chomh maith.

Is amhlaidh atá coimpléascach tugtha le haghaidh complex i roinnt comhthéacsanna teicniúla ar www.focloir.ie agus ar www.tearma.ie.  

 

Roinn an Post seo: