‘Ceann nó ceann eile de phéire’ an sainmhíniú a thugtar ar ceachtar in An Foclóir Beag. Níor cheart é a úsáid má tá rogha le déanamh idir trí rud nó líon ar bith os a chionn sin:

Níl cóiríocht bhuan ag ceachtar de na trí scoil seo.

Is é ba cheart a bheith ann:

Níl cóiríocht bhuan ag ceann ar bith de na trí scoil seo.

Roinn an Post seo: