I roinnt mhaith canúintí, ní bhíonn mórán de dhifear fuaime idir ceann agus cionn. Bíodh sin mar atá, caithfidh scríbhneoirí aird a bheith acu ar an litriú, nó seans go mbeadh ciall na habairte ag brath air. Cuir i gcás, níor tugadh an chiall slán san abairt thíos:

Mar a mhínigh urlabhraí thar cionn Chomhairle Contae Chill Chainnigh le linn éisteachtaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht.

Is ionann ciall do thar cionn agus ar fheabhas. Is é a theastaíonn san abairt thuas ná thar ceann (ar son):

Mar a mhínigh urlabhraí thar ceann Chomhairle Contae Chill Chainnigh le linn éisteachtaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht.

Coinbhinsiún litrithe seachas cúrsaí céille a bhíonn i gceist i gcásanna eile. Cuir i gcás, os cionn agus cionn is go a scríobhtar i dtéacsanna caighdeánacha. 

Roinn an Post seo: