Deirtear le foghlaimeoirí Gaeilge gan ceann a úsáid choíche ag tagairt do dhaoine. One (of things, of animals) an nóta atá le ceann in FGB. Is fíor ina dhiaidh sin go mbíonn ceann in úsáid ar an dóigh sin ag scríbhneoirí breátha Gaeilge.

  • Bhí Gráinne ar cheann de na náimhde ba chúmhachtaighe a bhí roimhe... (Séamus Mag Uidhir, Fánaidheacht i gConndae Mhuigheo: 89)
  • “I dteangain na caillighe go dtéighidh an tsnáthad, an chéad uair eile a bheidh sí ag baint an bhídh as na miongáin,” adeir ceann de sna garsúin. (Seán Ó Dálaigh, Timcheall Chinn Sléibhe: 67)

Níor thógtha ar scríbhneoirí dá gcloífidís le comhairle FGB, ar eagla go gcuirfí botún ina leith.

Roinn an Post seo: