Dar le húdair áirithe nár cheart céanna a úsáid ach amháin nuair a bhítear ag tagairt do rud nó do dhuine atá luaite cheana.

‘An bhfuil aithne agat ar Eoin?’

‘Ó, tá seanaithne agam ar an bhfear céanna!’

Dar leo gur béarlachas atá ann céanna a úsáid le haghaidh same sa chiall identical, as one. Féach an sampla seo as Lorg an Bhéarla le Seán Mac Maoláin:

Michael and Martin are the same age, and they live on the same street.

Tá an aois chéanna ag Micheál agus Máirtín, agus cónaíonn siad ar an tsráid chéanna.

Fuair Mac Maoláin locht ar an leagan sin agus mhol an t-athleagan seo:

Is ionann aois do Mhicheál agus do Mháirtín, agus tá siad ina gcónaí san aon sráid.

Ní miste do scríbhneoirí a machnamh a dhéanamh ar an phointe stíle seo, bíodh is go bhfuil céanna in úsáid go fairsing anois ar bhealach a shíl Mac Maoláin a bheith lochtach.

Roinn an Post seo: