Ba cheart, má táthar ag iarraidh cloí leis an CO, ceannaire a scríobh nuair is taoiseach nó ceann feadhna atá i gceist. Tá cinnire tugtha mar leagan malartach de ceannaire in FGB ach is focal dlisteanach é chomh maith a bhfuil sainchiall leis. Cinnire, mar shampla, a thugtar ar dhuine a bhíonn ag stiúradh na ndaltaí i gcoláiste samhraidh. 

Roinn an Post seo: