Ní hionann ar fad ciall na bhfocal seo. Cé gur féidir iad a mhalartú ar a chéile i gcomhthéacsanna áirithe, níl na samplaí seo thíos inghlactha:

  • Tá 452.7 ciliméadar cearnógach talaimh i gceantar Fhine Gall. 
  • Cén uimhir chearnaithe atá cothrom le 36? An freagra, ar ndóigh, ná 6. 

Úsáidtear cearnógach chun trácht ar rud a bhfuil cruth cearnóige air. Úsáidtear cearnach sa mhatamaitic agus chun trácht ar aonaid spáis. Dá bhrí sin, is mar seo ba cheart na habairtí thuas a scríobh:

  • Tá 452.7 ciliméadar cearnach talaimh i gceantar Fhine Gall. 
  • Cén uimhir chearnach atá cothrom le 36? An freagra, ar ndóigh, ná 6. 

Sa nóta mínithe atá le cearnaithe ar www.focloir.ie, tugtar an sainmhíniú formed into a square shape, ruled into lines to form squares.

Roinn an Post seo: