Tá droch-chlaonadh ann cuir ceist a úsáid i ngach comhthéacs ina mbeadh ask sa Bhéarla.

  • Chuir sé ceist uirthi an bpósfadh sí é.
  • Cuireadh ceist air teacht os comhair an choiste.

Ó tharla nach bhfuil eolas á lorg sna samplai sin, teastaionn friotal eile chun an t-iarratas a chur in iúl: 

  • D’iarr sé í le pósadh. (Chuir sé ceiliúr pósta uirthi.)
  • Tugadh cuireadh dó teacht/iarradh air teacht os comhair an choiste.
Roinn an Post seo: