Cúpla pointe faoi úsáid an fhocail choíche.

  1. Is ag tagairt don am atá le teacht, is é sin an aimsir fháistineach agus an modh coinníollach, a bhíonn choíche de ghnáth. Is minic a úsáidtear é in abairtí diúlracha san aimsir ghnáthláithreach: Tá solas ann nach n-éagann choíche; Ní stadann sí choíche den chaint sin.
  2. Is minic a chuirtear a roimhe sa chaint: Ní dhéanfaidh sé a choíche é. (nó achoíche) Ná scríobh an a más mian leat cloí leis an CO.
Roinn an Post seo: