Úsáidtear chun críche i dtéacsanna oifigiúla chun an nath Béarla for the purpose of a aistriú, mar shampla chun críche sciúradh airgid a chosc. Tabhair faoi deara go bhfágtar lom céad litir an fhocail críoch fiú más ainmfhocal cinnte atá á cháiliú aige, mar shampla chun críche an ailt seo (seachas chun chríoch an ailt seo).

Úsáidtear chun críocha nuair is for the purposes of (iolra) atá i gceist.

Roinn an Post seo: