Focal sách coitianta is ea ciallachas, in ainneoin nach bhfuil sé tugtha in FGB ná sna foclóirí ar líne. San uimhir iolra a bhíonn sé, de ghnáth:

Céard iad na ciallachais do na scoileanna atá faoi choimirce na gcoistí gairmoideachais?

Bíodh sin mar atá, tá focal i bhfad níos coitianta ann a bhfuil an chiall chéanna leis, i.e. impleacht/impleachtaí.

Roinn an Post seo: