Úsáidtear an focal Béarla sort chun trácht ar cháilíocht (What sort of standard of living will Irish people enjoy in the future?) agus ar chainníocht (What sort of money are they offering?). Go minic, ba chomaoin ar an abairt Bhéarla sort a fhágáil as (What standard of living will Irish people enjoy in the future?) nó focal a bhaineann go sonrach le cainníocht a chur ina áit (How much money are they offering?). Mar an gcéanna i gcás focal mar cineál, saghas agus sórt sa Ghaeilge:

  • Cén cineál caighdeán maireachtála a bheidh ag muintir na hÉireann san am atá le teacht?
  • Cén cineál airgid atá á thairiscint acu?

B’fhearr an dá abairt sin a leasú:

  • Cén caighdeán maireachtála a bheidh ag muintir na hÉireann san am atá le teacht?
  • Cá mhéad airgid atá á thairiscint acu?

 

Roinn an Post seo: