Níl foirm iolra an ainmfhocail cinneadh tugtha in FGB, toisc, b'fhéidir, gur mar ainm briathartha ba mhó a bhíodh sé in úsáid ag daoine. Cibé faoi sin, tá an-chuid foirmeacha iolra sa chaint:

  • Níl sé cothrom, dar liom, gur ar bhonn áitiúil a shocraítear na cinnidh seo.
  • Ba mhaith an rud taifead foirmealta ar na cinní seo a chlárú.
  • Déantar cinníocha inmheánacha ag leibhéal nach bhfuil níos lú ná Leibhéal 2.

Is é cinntí an fhoirm iolra faofa atá tugtha ar www.tearma.ie

Roinn an Post seo: