Ach oiread le offence agus crime sa ghnáthchaint Bhéarla, úsáidtear an dá fhocal Gaeilge cion agus coir amhail is gurb ionann ciall dóibh. Ní mór dealú eatarthu, áfach, chun abairt mar seo a aistriú: Has the accused been previously convicted of a felony, misdemeanour, crime or offence? Is mar seo a dhealaítear idir an dá fhocal sa teanga fhoirmeálta:

  1. Offence a thuigtear as cion, mar shampla An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit/The Offences Against the State Act.
  2. Crime a thuigtear as coir, de ghnáth, mar shampla An Bille um Binsí Coireanna Idirnáisiúnta Cogaidh/International War Crimes Tribunals Bill.
Roinn an Post seo: