Ní hannamh a úsáidtear ciorcal lochtach chun an nath Béarla vicious circle a aistriú. D’fhéadfadh an leagan sin, atá tugtha in EID agus in FGB, a bheith cruinn i gcomhthéacs na loighce agus na fealsúnachta: 'a form of reasoning in which a conclusion is inferred from premises the truth of which cannot be established independently of that conclusion.' (Collins)

Tá ciall níos coitianta le vicious circle, áfach: a situation in which an attempt to resolve one problem creates new problems that lead back to the original situation. (Collins). Sa chomhthéacs sin is fearr go mór fáinne fí a úsáid.

Roinn an Post seo: