Thuigfeá ó na foclóirí gur comhchiallaigh iad clamhsán agus gearán, ach is amhlaidh atá ceann amháin acu níos diúltaí ná an ceann eile. Is casaoid mhíréasúnta, chantalach a dhéanfadh an clamhsánaí; gach seans go mbeadh ábhar ag an ghearánaí a bheith míshásta.

Má cheapann tú go bhfuil míthuiscint éigin ar na húdaráis maidir le do chearta, ba chóir duit clamhsán a dhéanamh leis na húdaráis atá i gceist.

B'fhearr go mór an abairt sin a athscríobh mar seo:

Má cheapann tú go bhfuil míthuiscint éigin ar na húdaráis maidir le do chearta, ba chóir duit gearán a dhéanamh leis na húdaráis atá i gceist.

 

Roinn an Post seo: