Is ionann clann agus na páistí a bheirtear do thuismitheoirí. Is é atá in teaghlach agus muintir ná an líon tí go léir, idir pháistí agus tuismitheoirí agus daoine muinteartha. B’ait an rud é, mar sin, fear óg sna déaga a rá go bhfuil ochtar ina chlann nó gur chaith sé an Nollaig lena chlann. Tá ochtar sa teaghlach agus Chaith mé an Nollaig le mo mhuintir atá i gceist aige dáiríre.

Úsáidtear clann chomh maith ag trácht ar shinsir daoine nó ar ghrúpa daoine arb ionann sloinne dóibh: Duine de Chlann Uí Ruairc í.

Roinn an Post seo: