Is minic a úsáidtear an focal claochlú sa chiall transformation. Cinnte, tá an chiall sin luaite leis ach tá blas diúltach ar an fhocal, mar is léir ón sainmhíniú in FGB:

Change, deterioration. Claochlú ar neart, ar aoibhneas, ar chuideachta, decline in strength, in happiness, in companionship.

Fágann sin blas aisteach ar abairtí mar seo:

  • Tá claochlú tagtha ar chúrsaí teicneolaíochta le blianta beaga anuas.
  • Sa daichead bliain sin, tháinig claochlú chun feabhais ar ár gcaidreamh leis an Eoraip agus leis an domhan.

B’fhearr a rá go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an teicneolaíocht agus go bhfuil athrú chun feabhais tagtha ar ár gcaidreamh le tíortha eile.

Roinn an Post seo: