Is é an chiall atá le comónta, de réir FGB, ná commonordinary. Cuireadh casadh i gciall an fhocail ó shin, agus úsáidtear é chun shared/held in common a chur in iúl. Sampla den úsáid sin is ea an Fráma Tagartha Comónta Eorpach, foilseachán a chuireann síos ar na scileanna teanga a mbítear ag súil leo ag gach leibhéal cumais i ngach ceann de theangacha na hEorpa. Mar gheall air sin a deirtear é a bheith comónta.

B'fhearr gan comónta a úsáid sa chiall forleathanminic.

  • Beidh searmanas oscailte oifigiúil an Giro Italia, mar a ghlaoitear air go comónta, i Halla na Cathrach, Béal Feirste. 
  • Ta Doire ar fionraí ó chomórtais UEFA mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais, fadhb chomónta ag foirne ar fud na hÉireann. 

Is é is measa faoi fadhb chomónta sa dara sampla thuas go dtugann sé le fios go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag gach uile chlub in Éirinn. Is fearr a d'oirfeadh coitianta i gcomhthéacs na n-abairtí samplacha:

  • Beidh searmanas oscailte oifigiúil an Giro Italia, mar a ghlaoitear air go coitianta, i Halla na Cathrach, Béal Feirste. 
  • Ta Doire ar fionraí ó chomórtais UEFA mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais, fadhb choitianta ag foirne ar fud na hÉireann. 

Is minic fosta a úsáidtear i gcoitinne chun in common a chur in iúl.

  • Chítear dom gur uirlis aontaithe í an Ghaeilge agus gur cuid ríthábhachtach í den oidhreacht atá i gcoitinne againn.
  • Tá an méid seo i gcoitinne againn–is peacaigh sinn.

Bheadh faitíos orm an úsáid sin a dhamnú as éadan, ach tá ciall bhunaithe le i gcoitinne, is é sin ar fadtrí chéile. Bítear ag trácht, mar shampla, ar an pobal i gcoitinne (the general public).

Tá aistriúcháin bhreátha ar in common le fáil ar www.focloir.ie:

  • they have nothing in common besides the fact that they live in Dublin / níl aon rud i bpáirt acu ach go bhfuil siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath
  • we had nothing in common / ní raibh cosúlacht dá laghad eadrainn, bhíomar éagsúil go maith le chéile
Roinn an Post seo: