I gcanúintí áirithe, is ionann brí don fhocal corp agus don fhocal corpán, i.e. corp marbh. Tá iarracht den bhrí sin ag baint le corp i ngach canúint, ach ní fhágann sin go bhfuil débhríocht thromchúiseach i leaganacha mar corpoideachascorpchuardach.

Má táthar den bharúil go mbeadh cuma áiféiseach ar corp san abairt, ní miste leas a bhaint as colainn. Cuir i gcás, d’fhoilsigh an Gúm leagan Gaeilge den phóstaer scoile The Living Body. An Cholainn Bheo a tugadh ar an bpóstaer Gaeilge murab ionann agus An Corp Beo, a mbeadh débhríocht thromchúiseach ag baint leis gan amhras.

Roinn an Post seo: