Ainm casta é seo mar gheall ar sheanleaganacha a bheith fós in úsáid. Cuir i gcás, scríobhtar ina chomhainm é: Colmchille. Ní comhfhocal é, áfach, ach dhá fhocal faoi leith, is é sin colm (colúr) + cill (eaglais). 

Bhí lá ann agus ba ghnách an dá fhocal san ainm a infhilleadh: Betha Choluim Chille. Maireann a rian sin in ainmneacha seanbhunaithe mar Scoil Choilm Chille. Inniu, is gnách plé le Colm Cille amhail is gur aonad céille amháin é. Sa tuiseal ginideach, séimhítear an túslitir agus fágtar an dá fhocal gan infhilleadh: Cosán Cholm Cille, Gleann Cholm Cille. Sin é nós na linne seo, ach níor cheart leaganacha seanbhunaithe a chaighdeánú gan an comhthéacs a chur san áireamh.

Roinn an Post seo: