Is focal an-mhírialta é comharsa. Ní hionann an fhoirm iolra ná foirm an tuisil ghinidigh ó chanúint go chéile. Mar seo atá de réir FGB:

  1. Is é comharsana an uimhir iolra chaighdeánach sa tuiseal ainmneach: Duine de na comharsana. Is iolra malartach é comharsain.
  2. Is ionann foirm don fhocal sa tuiseal ginideach uatha agus sa tuiseal ginideach iolra:
  • Cad é a bheadh ann ach carr mo chomharsan? (my neighbour’s car).
  • I bhfad ó shúile na gcomharsan (far from the neighbours’ eyes).
Roinn an Post seo: