Is é comhlacht an focal is coitianta sa ghnáthchaint le haghaidh a commercial company. Bíodh sin mar atá, is gnách an focal cuideachta a úsáid i dtéacsanna foirmeálta. Ní hamháin sin, ach tá ciall bheag eile le comhlacht sa teanga oifigiúil, is é sin forasbody. Bítear ag caint, mar shampla, ar na comhlachtaí trasteorann a bunaíodh faoi bhun Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Ba chóir cloí le pé acu leagan atá i dteidil oifigiúla, mar shampla An Oifig Um Chlárú Cuideachtaí, Comhlacht Oideachais na hÉireann.

Is den seanlitriú é comhlucht, leagan a fheictear thall is abhus i dtéacsanna comhaimseartha agus i roinnt bheag teidil oifigiúla, mar shampla Comhlucht Groighe Náisiúnta na hÉireann, Teoranta.

Meastar trí mhíthuiscint gur focal baininscneach é comhlacht, toisc gur focal ilsiollach é a bhfuil críoch –acht air. Ach is comhfhocal firinscneach ó cheart atá ann: ainm an chomhlachta. Féach chomh maith BUNREACHT, GNÓLACHT agus IMEACHT.

 

Roinn an Post seo: