De réir FGB, is leagan malartach de páirtí atá in páirtnéir. Bíodh sin mar atá, tá cialla nua tar éis greamú do páirtnéir ó shin:

  1. Leannán nó céile, mar shampla páirtnéir saoil, páirtnéir comhghnéis.
  2. Comhimreoir nó leathbhádóir i gcluiche nó in imeachtaí spóirt.

Is féidir, dar ndóigh, páirtí a úsáid sna comhthéacsanna sin chomh maith.

Copartner, associate an chiall atá luaite le comhpháirtí in FGB, ach tá sé in úsáid go coitianta anois ag freagairt do partner an Bhéarla i réimsí gnó agus oibre. 

Roinn an Post seo: