Is gnách, sa teanga fhoirmeálta, timpeallacht a úsáid ag tagairt don immediate environment. Bíonn oideachasóirí ag trácht ar thionchar na timpeallachta ar pháistí, is é sin tionchar na rudaí a bhíonn thart orthu sa bhaile agus ar scoil.

Is i gcomhthéacs sainiúil na héiceolaíochta a úsáidtear comhsaol den chuid is mó, agus é sa tuiseal ginideach: an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Fiú sa chomhthéacs sin, úsáidtear timpeallacht go coitianta sna meáin agus sa ghnáthchaint.

Tá an téarma imshaol tar éis dul ar gcúl go mór, ach ba cheart cloí leis i dteidil oifigiúla, mar shampla Coiste an Churaclaim d’Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta.

Roinn an Post seo: