Is focal ilchiallach é commitment a bhaineann tuisle as aistritheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge go han-mhinic. Ní dhéantar dealú mar is ceart idir na cialla gaolmhara seo a leanas:

  1. gealltanas
  2. dualgas, ceangaltas
  3. díograis, dúthracht

Má tá duine míshásta le polaiteoirí a gheall grian agus gealach do na vótálaithe le linn dóibh bheith san fhreasúra, ní miste dó a rá nach bhfuil na polaiteoirí sin ag comhlíonadh a gcuid gealltanas. I gcás nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas spriocanna atá luaite i gcomhaontú idirnáisiúnta a bhaint amach, is amhlaidh atá ag teip air a chuid ceangaltas a chomhlíonadh. I gcás ar bith, bheifeá in amhras faoi thiomantas an Rialtas, is é sin faoina dhúthracht is faoina dhíograis. 

Roinn an Post seo: