In amanna, ní hé rúnda an focal is fearr chun confidential a aistriú. Féach an abairt Bhéarla seo agus an t-aistriúchán Gaeilge a rinneadh uirthi:

Why not book an appointment and speak confidentially with our customer support staff?

Cén fáth nach ndéanfá coinne chun comhrá rúnda a bheith agat le duine dár bhfoireann tacaíochta?

Tá blas na comhcheilge ar comhrá rúnda. Níl i gceist ach comhrá duine le duine, nó comhrá discréideach.

Roinn an Post seo: