Is minic a úsáidtear cosúil le chun rud a chur i gcomparáid nó a ionannú le rud eile, mórán mar a úsáidtear such aslike sa Bhéarla:

Buailfidh sí chomh maith le ceoltóirí cosúil le Séamus Begley agus Eilís Kennedy.

Ba den tsaoithíneacht, dar liomsa, locht a fháil air sin ar an bhonn gurbh iad Séamus agus Eilís féin a bhí i gceist, seachas ceoltóirí a bhí 'cosúil leo'. Tuigimid go léir an rud atá i gceist. Is fíor, áfach, go mbíonn cosúil le ina údar mearbhaill in amanna. Féach, mar shampla, an abairt seo thíos:

Ligeann coirpigh orthu gur eagraíochtaí dlisteanacha iad, cosúil le bainc agus cuideachtaí cárta creidmheasa, mar chleas chun sonraí pearsanta cosúil le huimhreacha cuntas bainc nó PIN a fháil uait.

An é go mbíonn bainc agus cuideachtaí cárta creidmheasa ag ligean orthu féin gur eagraíochtaí dlisteanacha iad chun cleas a imirt ar chustaiméirí? Déarfadh a lán daoine go bhfuil cuid den fhírinne san achasán sin, ach ní dócha gurb é sin a bhí ar intinn an údair. Tá friotal eile sa Ghaeilge a chuireann an débhríocht ar neamhní:

Ligeann coirpigh orthu gur eagraíochtaí dlisteanacha iad - bainc agus cuideachtaí cárta creidmheasa, cuir i gcás. Is cleas é sin chun sonraí pearsanta a fháil uait - uimhreacha cuntas bainc nó PIN nó a leithéid.

 

 

 

Roinn an Post seo: