Is minic a bhíonn na trí fhocal ghaolmhara seo trína chéile ag scríbhneoirí Gaeilge, amhail is gurb ionann ciall dóibh. Is mar seo ba cheart iad a úsáid:

  1. Is gnách cothroime a úsáid nuair is cothrom na Féinne nó 'ceart agus cóir' atá i gceist.

  2. Is é an chiall atá le cothromaíochtequilibrium/balance. Bítear ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais an tsaoil oibre agus riachtanais an tsaoil phearsanta, mar shampla. Ach oiread le fairness, equality agus balance an Bhéarla, tá gaol gairid idir cothroime agus cothromaíocht agus d’fhéadfaí iad a mhalartú ar a chéile i gcomhthéacsanna áirithe. Ní bheadh cothromaíocht inscne (gender balance) mícheart dá mbeadh spriocanna á leagan síos maidir le líon na mban agus líon na bhfear atá fostaithe in eagraíocht, cuir i gcás. 

  3. Téama dlí ó cheart é cothromas. Tá an nod Jur. leis in FGB. Equity an sainmhíniú a thugtar. Is é a thuigtear as equity i gcomhthéacs an dlí ná ‘a system of jurisprudence founded on principles of natural justice and fair conduct.’ (Collins).
Roinn an Post seo: