Bíonn blas ait ar abairtí ina n-úsáidtear struchtúir éagsúla ghramadaí chun trácht ar aon rud amháin. A leithéid seo:

  • Beidh seirbhísí feabhsaithe agus níos sábháilte uisce ann mar gheall ar infheistíocht a mhéadú.
  • Féadfaidh tú foirmeacha cláraithe a iarraidh i ndáil le seirbhísí speisialta agus tosaíochta.

Sa chéad abairt, tá seirbhísí á cháiliú ag aidiacht bhriathartha (feabhsaithe) agus ag breischéim (níos sábháilte). Sa dara habairt, tá seirbhísí á cháiliú ag aidiacht (speisialta) agus ag ainmfhocal sa tuiseal ginideach (tosaíochta). Níl na habairtí sin mícheart ó thaobh na gramadaí de, ach ba sheolta agus ba dheise cothromaíocht a bheith ann ó thaobh na struchtúr de, sin nó na cáilitheoirí a scaradh ó chéile:

  • Cuirfidh an infheistíocht bhreise feabhas ar sheirbhísí uisce agus beidh na seirbhísí sin níos sábháilte feasta.
  • Féadfaidh tú foirmeacha cláraithe a iarraidh i ndáil le seirbhísí speisialta agus seirbhísí tosaíochta.

Féach chomh maith na habairtí samplacha seo:

  • Beidh tú incháilithe más duine dall, lagamhairc, bodhar, lagéisteachta thú nó má tá deacrachtaí gluaiseachta agat.
  • Bhí amhránaithe a bhfuil taithí na mblianta acu ar pháirt a ghlacadh i gcomórtais agus amhránaithe óga istigh ar Chorn Uí Riada i mbliana.

Arís, ba chomaoin ar an dá abairt an meascán struchtúr a sheachaint:

  • Beidh tú incháilithe má tá aon cheann de na fadhbanna seo ag cur as duit: daille, lagamharc, bodhaire, lagéisteacht nó deacrachtaí gluaiseachta.

  • Bhí amhránaithe óga agus amhránaithe a bhfuil taithí na mblianta acu ar pháirt a ghlacadh i gcomórtais istigh ar Chorn Uí Riada i mbliana.

 

Roinn an Post seo: