Ní hionann críochnaigh na Gaeilge agus stop an Bhéarla. Is mar bhriathar aistreach a úsáidtear críochnaigh de ghnáth. Déantar obair, aiste, alt, saothar ealaíne nó eile a chríochnú. Cuir i gcás go bhfuil polaiteoir ag tabhairt óráide agus go stopann sí gan choinne. Seans go ndéarfadh an Béarla She stopped suddenly ach ní féidir Go tobann, chríochnaigh sí a rá i nGaeilge nuair nár chríochnaigh sí riamh a raibh le rá aici. Stad síthost sí a chaithfí a scríobh i nGaeilge.

Ó thaobh na stíle de, tá friotal níos deise sa Ghaeilge ná mar atá sna samplaí seo:

  • Chríochnódh sí leis dá mbeadh splanc céille inti. (Chuirfeadh sí deireadh leis an gcumann eatarthu...)
  • Chríochnaigh sé le béim a chur ar an ngá atá le rialáil chomh maith le hathchóiriú institiúideach agus struchtúrach. (I ndeireadh a chuid cainte, chuir sé béim ar...)
Roinn an Post seo: