cúram criticiúil ann do dhaoine atá go dona tinn. Cuireann scoláirí eagráin criticiúla de shaothar na bhfilí ar fáil. Tá go breá, ach ní hionann criticiúil agus cáinteach.

Is féidir léi a bheith fíorchosantach agus í ag déileáil le daoine agus a bheith an-chriticiúil faoi dhaoine nach n-aontaíonn léi. (an-cháinteach)

Is iomaí gnáthfhocal Gaeilge a dhéanfadh gnó criticiúil sa chiall crucial. Féach an abairt Bhéarla seo agus an t-aistriúchán Gaeilge a rinneadh uirthi:

Irish Water has developed a confidential priority services register for residential customers who have a critical medical dependency on water.

Tá clár rúnda seirbhísí tacaíochta forbartha ag Uisce Éireann do chustaiméirí cónaithe a bhfuil spleáchas criticiúil leighis ar uisce acu.

 Níl i gceist ansin ach go mbíonn na daoine seo ag brath ar sheirbhísí uisce mar gheall ar riachtanais leighis.

Féach mar a aistríodh critical sna habairtí seo as an bhunachar seantéacsanna Tobar na Gaedhilge

This deficiency was likely to prove perilous in an emergency so critical.

Agus ba dhócha go gcuirfeadh an easpa sin i gcontúirt iad i gcás chomh héiginnte seo. (Seosamh Mac Grianna, Ivanhoe)

 

...whose aid, at the most critical moment, had completely turned the fortunes of the day.

... chuir a chuidiú in am an ghéibhinn áthrach i gcúrsaí an lae. (Niall Mac Suibhne, Néall Dearg)

Roinn an Post seo: