Tá an leagan cuir mar seo é bunaithe anois agus ní dócha gur féidir é a ruaigeadh. Bíodh sin mar atá, tá bealaí níos dúchasaí ann chun an coincheap a chur in iúl seachas lomaithris ar put it this way.

  • Ba mhaith leis béim a leagan arís ar luacha an tsóisialachais do ghlúin a bhí, mar a chuir sé é, faoi thionchar Thatcher agus Reagan. 
  • Is cinnte nach gcuirfinn mar sin é.

Ó thaobh na stíle de, b'fhearr na habairtí sin a athscríobh mar seo:

Tá leaganacha mar cuir mar seo é bunaithe anois agus ní féidir iad a ruaigeadh. Ó thaobh na stíle de, ní miste a mheabhrú go bhfuil friotal níos dúchasaí ann chun an coincheap a chur in iúl seachas lomaithris ar put it this way.

  • Ba mhaith leis béim a leagan arís ar luacha an tsóisialachais do ghlúin a bhí, má b'fhíor dó féin, faoi thionchar Thatcher agus Reagan.
  • Is cinnte nach ndéarfainn mar sin é/nach gcuirfinn an friotal sin air. 

 

Roinn an Post seo: