Ba dheas dá mbeadh focal amháin Gaeilge ann a chuirfeadh to cause in iúl, ach ní hé cúisigh an focal sin.

  • Is minic a chúisíonn víris iompar corrach.
  • Cé gur beag truailliú a chúiseoidh aon charr amháin, bailíonn brobh beart.

Cén dochar ach go bhfuil ciall eile ar fad le cúisigh, i.e. cúis a chur i leith duine? Mar seo ba cheart na habairtí a scríobh:

  • Is minic a bhíonn víreas ina chúis le hiompar corrach.
  • Cé gur beag truailliú a dhéanfaidh aon charr amháin, bailíonn brobh beart.
Roinn an Post seo: